Written answers
Tuesday, 7 March 2017
Department of Education and Skills
Foireann Roinne
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
198. To ask the Minister for Education and Skills cad é an stádas maidir le bunú an Aonaid Gaeltachta tiomnaithe nua sa Roinn Oideachais agus Scileanna chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus chun tacú leis sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11368/17]
Richard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá Aonad um Oideachas Gaeltachta bunaithe anois san Roinn Oideachais agus Scileanna chun maoirsiú a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022. Tá ceathrar baill ar fhoirean an Aonaid. Tá foireann beag de chigirí aitheanta freisin chun tacú leis an Aonad agus obair a dhéanamh le scoileanna a roghnaíonn chun páirt a glacadh sa phróiseas aitheantais Scoileanna Gaeltachta ó Mheán Fómhair 2017. Tá an tAonad um Oideachas Gaeltachta ag díriú isteach ar thosaíochtaí a chuirfear i bhfeidhm in 2017 lena n-áirítear dréachtú na gCiorclán do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna Gaeltachta don scoilbhliain 2017/2018.
No comments