Written answers
Wednesday, 1 March 2017
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Íocaíochtaí Deontas
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
238. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé ar intinn aici deontas a cheadú d’iris (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10765/17]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar a chuir mé in iúl i mo fhreagra ar cheist Dála 779 ar 17 Eanáir 2017, tuigtear dom nach bhfuil aon iarratas foirmeálta ar láimh ag mo Roinn nó ag Foras na Gaeilge ar chúnamh deontais don bhfoilseachán ‘An Timire’. Baineann saincheisteanna maidir le hirisí Gaeilge le gnóthaí oibríochtúla Fhoras na Gaeilge agus níl ról sonrach agam féin mar Aire ina leith. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil i leith foilseachán i gcomhréir lena ról reachtúil chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus, sa chomhthéacs sin, bhí siad ag cur maoiniú bliantúil ar fáil don bhfoilseachán 'An Timire' suas go dtí Meitheamh 2015 nuair a tháinig straitéis nua léitheoireachta na heagraíochta i bhfeidhm.
No comments