Written answers
Tuesday, 17 January 2017
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Baint Móna
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
778. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair atá sé ar intinn tosú ar phlean bainistíochta a réiteach do bhratphortaigh Chonamara; cén fáth atá leis an moill atá ar an obair seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1077/17]
Heather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Sa Straitéis Náisiúnta Tailte Móna tá sé leagtha síos go bhfuil dualgas ar Éirinn, faoin Treoir ón AE maidir le Gnáthóga, córas bainistíochta a cheapadh agus a chur i bhfeidhm a chinnteoidh go leanfar ar aghaidh le baint móna ar Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta ar bhratphortaigh ar bhealach nach gcuirfidh sláine na suíomhanna sin i mbaol. Déanfar Pleananna Bainistíochta a dhréachtú i gcomhairle le pobail áitiúla chun a chinntiú go ndéanfar na tailte móna tábhachtacha seo a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe ar mhaithe leis an bpobal agus i gcomhréir le dlí an AE.
Sa chéad dul síos, mar sin, is mian liom a chinntiú go rachfar i gcomhairle go cuí le pobail áitiúla, agus ina dhiaidh sin go ndéanfar an obair eolaíoch is gá chun taca a chur faoi bhainistíocht sa todhchaí.
Tá sé i gceist agam Meabhrán a chur faoi bhráid an Rialtais in am trátha ina leagtar amach an plean agus an sceideal oibre atá beartaithe don obair riachtanach.
No comments