Written answers
Tuesday, 17 January 2017
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Foilseacháin Ghaeilge
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
779. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuair a Roinn iarratas ar chúnamh aonuaire ón bhfoilseachán An Timire; cén toradh a bhí ar an iarratas; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1078/17]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigtear dom nach bhfuil aon iarratas foirmeálta ar láimh ag mo Roinn nó ag Foras na Gaeilge ar chúnamh aonuaire ón bhfoilseachán ‘An Timire’.
Mar is eol don Teachta, cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil i leith foilseachán i gcomhréir lena ról reachtúil chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go raibh maoiniú bliantúil á chur ar fáil don bhfoilseachán 'An Timire' suas go dtí Meitheamh 2015 nuair a tháinig straitéis nua léitheoireachta i bhfeidhm. Is í sprioc na straitéise nua pobal léitheoireachta Gaeilge a spreagadh mar aon leis an luach airgid is fearr a chinntiú. Chuige sin, cuirtear ábhar léitheoireachta ar fáil saor in aisce ar líne, nuachtán seachtainiúil (Tuairisc.ie), iris stíl mhaireachtála (Nos.ie) agusfoilseachán liteartha (Comhar) san áireamh.
No comments