Written answers

Tuesday, 17 January 2017

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

760. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén dáta a cuireadh an tuarascáil ar dhul chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, a rinne Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in 2015, faoi bhráid na Roinne. [41688/16]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

761. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht i dtaca leis an ngealltanas a tugadh sa phacáiste eolais ón Aire, chomh maith leis an bhfreagra ar Cheist Pharlaiminte Uimhir 325 an 11 Deireadh Fómhair 2016, cathain go díreach a bheidh an Roinn réidh leis an scrúdú atá á dhéanamh ar an tuarascáil a rinne Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in 2015 ar dhul chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge; agus an féidir léi dáta a foilsithe a shonrú. [41689/16]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

762. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair a fhoilseofar na príomh-thosaíochtaí straitéiseacha don tréimhse cúig bliana ó 2016 ar aghaidh, mar a aithníodh i dtuarascáil a rinne Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in 2015; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [41690/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 760, 761 agus 762 le chéile.

Is í anStraitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 bunchloch pholasaí an Rialtais maidir leis an nGaeilge.  Ós rud é go raibh an Straitéis cúig bliana ar an bhfód ag deireadh 2015, eagraíodh díospóireacht oscailte ina leith ar mhaithe le breathnú siar ar an méid a bhí déanta go dtí sin maidir lena cur i bhfeidhm, chomh maith le breathnú chun cinn ar na tosaíochtaí ina leith don chúig bliana amach romhainn.  Mar chuid den phróiseas sin, reáchtáladh sraith cruinnithe poiblí ag an am agus lorgaíodh aighneachtaí scríofa ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara araon.

Ar mhaithe le tacú leis an bpróiseas, ceapadh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, chun tuairisc a chur i dtoll a chéile ina ndéanfaí coimriú ar thátal na gcruinnithe agus rianú ar na príomhthosaíochtaí straitéiseacha do na blianta amach romhainn. Chuir an tAcadamh dréacht-thuairisc faoi bhráid mo Roinne ag deireadh Meithimh 2016. Tá an tuairisc seo á breithniú i dtreo í a chur ar aghaidh go gairid chuig an Coiste Comhairleach a ceapadh ag tús 2014 le comhairle a sholáthar maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise. Agus moltaí an Choiste Chomhairligh a bheith faighte agam, bheadh sé i gceist agam tabhairt faoi na príomhthosaíochtaí straitéiseacha don tréimhse chúig bliana a fhoilsiú go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.