Written answers

Tuesday, 29 November 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Teanga

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

416. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil plean teanga aontaithe ag a Roinn leis an Údarás Rialála Carthanas; mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil, go mór mór nuair a chuirtear san áireamh nach féidir le carthanais clárú leis an údarás i nGaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36894/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Eisíodh litir faoi alt 11d’Acht na dTeangacha Oifigula 2003 chuig An Rialálaí Carthanas ag iarraidh go n-ullmhófaí dréachtscéim teanga agus go gcuirfear ar aghaidh í le daingniú faoin 15 Nollaig 2015. Cé nach bhfuil an scéim teanga daingnithe fós, comhairlítear dom go bhfuil iarrachtaí maithe á ndéanamh ag an Údarás chun seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil don phobal. Tá obair sa treis idir oifigigh mo Roinne agus oifigigh an Údaráis agus tá an cheist faoi chlárúcháin i nGaeilge nótáilte sa chomhthéacs sin. Tá mé dóchasch go mbeidh dréachtscéim á cur faoi mo bhráid le daingniú go luath an bhliain seo chugainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.