Written answers

Tuesday, 11 October 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Cúrsaí Gaeilge

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

331. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén fáth nach bhfuil sí sásta bualadh le heagraíochtaí Gaeilge, go háirithe Conradh na Gaeilge atá roghnaithe ag Foras na Gaeilge, foras trasteorann a bhaineann leis an Stát, chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29260/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go raibh cruinniú agam féin agus ag an Aire Humphreys le Conradh na Gaeilge ar 5 Deireadh Fomháir 2016. Ar ndóigh, mar Aire Stáit a bhfuil cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air, casaim le hionadaithe na heagraíochta ar ócáidí éagsúla ó thráth go céile. Tá mé ag súil le cruinniú eile a shocrú leis an gConradh go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.