Written answers
Tuesday, 11 October 2016
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
329. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí sásta glacadh leis an Phlean Infheistíochta, a comhaontaíodh idir breis agus 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta agus a cuireadh chuig an Aire roimh an toghchán chun tacaíocht a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus a chruthódh breis agus 1,200 post; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29258/16]
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
330. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an gcinnteoidh sí go ndéanfar an €4.5 milliún atá de dhíth mar chuid den Phlean Infheistíochta, a comhaontaíodh idir breis agus 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta, a chur ar fáil mar chuid de Bhuiséad 2017 chun tacú le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29259/16]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 329 agus 330 le chéile.
Mar is eol don Teachta, is tríd an phróiseas meastacháin agus cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinnse agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir. Déanfar an soláthar airgid ón Státchiste d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge don bhliain 2017 a mheas i gcomhthéacs an phróisis sin agus, mar is eol don Teachta, tá an próiseas sin ar bun i láthair na huaire. Anuas ar phróiseas na Meastachán sa dlínse seo, ar ndóigh, is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a cheadaíonn an buiséad d’Fhoras na Gaeilge mar áisíneacht den bhforas trasteorann, An Foras Teanga.
Cé nach miste a admháil gur plean uaillmhianach atá curtha le chéile ag na grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta - atá ag lorg ollmhaoiniú breise thart €5m i 2017 agus €30m thar an tréimhse 2018-2019 - tig leis an Teachta glacadh leis go leanfaidh mé, feadh mo chumais, ag lorg acmhainní breise don earnáil Gaeilge agus Gaeltachta, laistigh den oll-sholáthar airgeadais atá ar fáil don Rialtas.
No comments