Written answers
Tuesday, 11 October 2016
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Stratéis 20 Bliain don Ghaeilge
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
325. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair a fhoilseofar an tuarascáil a rinne Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in 2015 ar dhul chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29337/16]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030bunchloch pholasaí an Rialtais maidir leis an nGaeilge. Bhí an Straitéiscúig bliana ar an bhfód ag deireadh na bliana seo caite. Sa chomhthéacs sin, eagraíodh díospóireacht oscailte ar pholasaí faoin Straitéis. Ag eascairt as an bpróiseas comhairliúcháin a reáchtáladh faoin díospóireacht sin, táthar ag súil na príomhthosaíochtaí straitéiseacha don tréimhse cúig bliana ó 2016 ar aghaidh a aithint agus a fhoilsiú. Chuige sin, tá an tuarascáil a rinne Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoin ábhar á scrúdú ag mo Roinnse faoi láthair. Táim ag súil leis an tuarascáil sin a fhoilsiú go luath.
No comments