Written answers
Tuesday, 11 October 2016
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Cúrsaí Gaeilge
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
324. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil an Rialtas sásta tacú go hoifigiúil le Bliain na Gaeilge, 2018, ina ndéanfar comóradh agus ceiliúradh ar 125 bliana d’athbheochan na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29335/16]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is eol dom go bhfuil aitheantas oifigiúil á lorg ag Conradh na Gaeilge do Bhliain na Gaeilge 2018 chun comóradh agus ceiliúradh a dhéanamh ar 125 bliana d’athbheochan na Gaeilge. Tá na féidearthachtaí ina leith sin á mbreithniú agam i láthair na huaire agus beidh an cheist le plé tuilleadh ag mo Roinnse le Foras na Gaeilge agus leis an gConradh.
No comments