Written answers

Tuesday, 11 October 2016

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

141. To ask the Minister for Education and Skills an dtabharfaidh sé uasdátú ar an mbeartas páirt-tumoideachais a ndéantar tagairt dó i dTuarascáil Bhliantúil na Roinne, 2015; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29627/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá 3262 bunscoil, scoileanna speisialta san áireamh, sa tír. Astu seo is scoileanna Béarla iad 2847 díobh, is scoileanna lán-Ghaeilge iad 248 díobh agus tá 29 cinn a mhúineann trí Ghaeilge go pointe áirithe.

Ó thaobh na n-iarbhunscoileanna tá 735 scoil san iomlán. Astu seo is scoileanna Béarla iad 665 díobh agus is scoileanna lán-Ghaeilge iad 48 díobh. Tá 13 scoil ann ina múintear na hábhair uile do dhaltaí áirithe trí Ghaeilge agus tá 9 scoil ann ina múintear roinnt ábhar do dhaltaí trí Ghaeilge.

Níl an Roinn sa riocht le céatadán cruinn a thabhairt den am a chuirtear i leataobh le teagasc trí Ghaeilge.

Tá cur chuige nua atá níos príomhshruthaithe, atá difriúil lena bhfuil leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, á ghlacadh ag an Roinn a bhaineann le teagasc teanga agus na scileanna teanga a chur i bhfeidhm inár mbunscoileanna. Go deimhin, tá an CNCM tar éis curaclam teanga nua a ullmhú do na ranganna ó na naíonáin shóisearacha go dtí rang a dó. Tá an Béarla agus an Ghaeilge san áireamh ann. Beidh sé á thabhairt isteach do na daltaí bunscoile seo ó mhí Mheán Fómhair seo chugainn ar aghaidh. Tá curaclam ullmhaithe do scoileanna Béarla ina bhfuil an Béarla mar an phríomhtheanga teagaisc agus ina bhfuil an Ghaeilge mar an dara teanga. Tá curaclam ann freisin do scoileanna lán-Ghaeilge ina bhfuil an Ghaeilge mar an phríomhtheanga teagaisc agus ina bhfuil an Béarla mar an dara teanga.

Tá ról an tumoideachais á mheas i gcomhthéacs an Pholasaí nua um Oideachas Gaeltachta atá á thabhairt chun críche faoi láthair.

Tá treoir maidir le FCÁT (Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha) a úsáid san áireamh sna hábhair a d'fhorbairt an CNCM le tacú le cur i bhfeidhm an churaclaim teanga Bunscoile nua do na ranganna ó na naíonáin shóisearacha go dtí rang a dó. Tabharfar é seo isteach chuig bunscoileanna ó mhí Mheán Fómhair 2016 ar aghaidh.

Tá clár cuimsitheach um fhorbairt ghairmiúil leanúnach curtha i bhfeidhm chun tacú le cur i bhfeidhm an churaclaim teanga bunscoile nua. Mar chuid den fhorbairt ghairmiúil seo, tá múinteoirí ag fáil comhairle maidir le húsáid na modheolaíochtaí éagsúla le Gaeilge a theagasc agus le Gaeilge a úsáid mar an modh teagaisc, cé acu an bhfuil siad i scoileanna Béarla nó i scoileanna lán-Ghaeilge.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

142. To ask the Minister for Education and Skills an dtabharfaidh sé uasdátú ar an tionscnamh páirt-tumoideachais a d'fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna ar leathanach 3 de An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030: Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn: Iúil 2013 - Meán Fómhair 2014, tionscnamh a deirtear a tosaíodh i gcomhar leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí i seacht scoil ina múintear na hamharcealaíona trí mheán na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29628/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níor leanadh ar aghaidh leis an tionscnamh mar a beartaíodh toisc gur forbraíodh an Curaclam Teangacha Bunscoile ina ionad. Bhí sé i gceist ar dtús go n-úsáidfí an tionscnamh chun bonn eolais a chur faoi Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (CLIL) don Churaclam Teangacha Bunscoile. Tá an Curaclam Teangacha Bunscoile do rang na naíonán sóisearach go rang 2 forbartha anois ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM). Tá CLIL ar áireamh sa Churaclam sin. Ó mhí Mheán Fómhair i leith, tá an curaclam nua á chur chun feidhme do rang na naíonán sóisearach go rang a dó. Tá dhá leagan den churaclam nua ar fáil, ceann amháin atá dírithe ar Ghaelscoileanna, lena n-áirítear scoileanna Gaeltachta, ina gcleachtar an tumoideachas agus ceann eile atá dírithe ar scoileanna Béarla.

Ina theannta sin, tá clár tiomnaithe um fhorbairt ghairmiúil leanúnach ag gabháil le tabhairt isteach an Churaclaim Theangacha nua faoi láthair. Tacóidh an clár sin le múinteoirí agus le príomhoidí i nGaelscoileanna an curaclam teangacha bunscoile nua a chur chun feidhme. Tacóidh sé lena gcuid comhghleacaithe i mbunscoileanna Béarla freisin.

Tá CNCM ag obair anois ar an gCuraclam Teangacha Bunscoile nua a fhorbairt do rang 3 go rang 6. Beidh dhá leagan den Churaclam sin ar fáil freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.