Written answers

Tuesday, 11 October 2016

Department of Education and Skills

Scrúduithe Stáit

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

140. To ask the Minister for Education and Skills cén socrú a bheidh le cur i bhfeidhm don Ghaeilge mar ábhar Ardteistiméireachta nuair a thiocfaidh an córas nua don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach isteach, .i. an mbeidh curaclam in oiriúint don chainteoir dúchais ar fáil don Ardteistiméireacht. [29626/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá dhá shonraíocht curaclaim nua beagnach réitithe le haghaidh Gaeilge na Sraithe Sóisearaí. Tá ceann díobh deartha le húsáid i scoileanna atá ag teagasc trí mheán na Gaeilge, an ceann eile le húsáid i scoileanna atá ag teagasc trí mheán an Bhéarla. Is í seo ar an chéad uair a bheidh sonraíochtaí ar leith tar éis bheith forbartha san oideachas iar-bhunscoile maidir leis na comhthéacsanna sin. Táthar ag ceapadh na sonraíochtaí a thabhairt isteach sna scoileanna i mí Mheán Fómhair 2017.  Ardaíodh an gá le smaoineamh ar shaincheisteanna dhul chun cinn mar théama go rialta le linn na gcomhairliúchán a chuir an CNCM ar bun i dtaca leis na hathruithe i nGaeilge na sraithe sóisearaí. Cuirfidh an CNCM tús le hobair sa  bhliain 2017 ar roinnt snáitheanna d'athbhreithniú na sraithe sinsearaí, agus éireoidh conair an leanúnachas idir an tSraith Shóisearach agus an tSraith Shinsearach maidir leis an nGaeilge aníos sa chomhthéacs sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.