Written answers

Tuesday, 11 October 2016

Department of Education and Skills

Curaclam Teanga na Bunscoile

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

139. To ask the Minister for Education and Skills an gcinnteoidh sé go mbeidh teacht ag aon dalta scoile ar an gcuraclam nua atá le teacht isteach i scoileanna Gaeltachta, más rud é go bhfuil an dalta sin i scoil Ghaeltachta nó i nGaelscoil áit ar bith eile, chun a chinntiú go mbeidh an curaclam seo ar fáil do gach dalta scoile atá á thógáil nó á tógáil le Gaeilge nó a bhfuil Gaeilge ar ardchaighdeán aige nó aici; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29625/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I Meán Fómhair, tosaíodh ag cur Curaclam Teanga Bunscoile nua i bhfeidhm i scoileanna, ó ranganna na naíonán sóisearach go dtí rang a dó. Tá dhá leagan den churaclam ann: leagan do scoileanna arb é an Béarla an meán teagaisc iontu agus leagan do scoileanna arb í an Ghaeilge an meán teagaisc iontu. Is é aidhm na leaganacha difriúla go ngnóthódh cainteoirí dúchais Béarla nó Gaeilge na torthaí foghlama céanna, maidir le T1 na scoile (céad teanga na scoile), ag timpeall an ráta chéanna. Bheifí ag dúil go n-úsáidfeadh scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna an leagan den Churaclam Teanga Bunscoile atá dírithe ar an nGaeilge mar T1.

Maidir le scoileanna arb é an Béarla an meán teagaisc iontu, bheifí ag dúil go n-úsáidfeadh siad an leagan den Churaclam Teanga Bunscoile atá dírithe ar an mBéarla mar T1.

Ba chóir do mhúinteoirí a úsáideann cur chuige foghlama difreála a chinntiú go bhfeabhsóidh a gcuid daltaí a n-inniúlacht sa Bhéarla agus sa Ghaeilge araon agus iad dul chun cinn san oideachas bunscolaíochta.

Tá Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL) á cur ar fáil do mhuinteoirí bunscoile lena chinntiú go bhfuil na scileanna agus na cumais acu leis an gCuraclam Teanga Bunscoile nua a theagasc dá gcuid daltaí uile, ach meas a bheith acu ar a gcúlra teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.