Written answers

Thursday, 6 October 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

188. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cá mhéad airgead breise a lorg sí d’Fhoras na Gaeilge agus d’Údarás na Gaeltachta ó ceapadh í mar aire atá freagrach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, an féidir léi a chur in iúl cá mhéad airgead sa bhreis a d’éirigh léi a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge i rith na tréimhse sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [28970/16]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

189. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí sásta gur laghdaíodh buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta ó €25 mhilliún in 2008 go €7 milliún in 2016 ach go ndearnadh, san am céanna, méadú suntasach ar bhuiséad Údarás Forbartha Tionscail Éireann agus Fhiontraíocht Éireann, an bhfuil sí sásta an €12 mhilliún sa bhliain atá ag teastáil ón Údarás chun 1,000 post breise a chruthú thar 3 bliana a chur ar fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [28972/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 188 and 189 together.

Is tríd an phróiseas meastacháin agus cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinnse agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir. Sa chomhthéacs sin, tuigfidh an Teachta go ndéanfar an soláthar airgid ón Státchiste d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge don bhliain 2017 a mheas i gcomhthéacs an phróisis sin, atá ar bun faoi láthair. Anuas ar phróiseas na Meastachán sa dlínse seo, ar ndóigh, is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a cheadaíonn an buiséad d’Fhoras na Gaeilge mar áisíneacht den bhforas trasteorann, An Foras Teanga. Mar is eol don Teachta, déantar Foras na Gaeilge a chómhaoiniú ar bhonn 75% ó mo Roinnse agus 25% ón Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann. Anuas ar seo, cuireann mo Roinn maoiniú breise ar leith ar fáil d'Fhoras na Gaeilge i ndáil le nithe imfhálaithe mar a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge agus Colmcille.

Cuireadh soláthar caipitil de €6.687m ar fáil d’ Údarás na Gaeltachta ón Státchiste in 2016, mar aon le foinsí maoinithe an Údaráis féin ó dhíol sócmhainní agus infheistíochtaí. Ní miste dom a lua gur fhógair mé le gairid go raibh €1m breise á chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta i mbliana i bhfoirm caipitil, rud a chuirfidh ar chumas an Údaráis dul chun cinn a dhéanamh le tograí caipitil áirithe atá ar na bacáin acu. Fágann sé seo go bhfuil soláthar caipitil iomlán de €7.687m á chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta ón Státchiste in 2016. Tuigim go maith go bhfuil togra straitéiseach ag an Údarás lena mbuiséad caipitil a mhéadú thar thréimhse ama go €12m in aghaidh na bliana. Leanfaidh mé liom ag tacú leis an éileamh sin feadh mo chumais, faoi réir na n-acmhainní a bheidh ar fáil dom.

Maidir le Foras na Gaeilge, tháinig laghdú carnach 12% ar an maoiniú don eagraíocht thar na blianta 2014-2016 i gcomhréir le treoir na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse go gcaithfidh na forais trasteorann go léir sábháiltí éifeachtúlachta de 4% ar a laghad in aghaidh na bliana a chur i bhfeidhm ar bhonn carnach thar an tréimhse sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.