Written answers

Thursday, 6 October 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

187. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí sásta nach bhfuil aon tagairt déanta don Ghaeloideachas ná don chóras tumoideachais i Ráiteas Straitéise na Roinne Oideachais agus Scileanna, 2016-2018; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [28968/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030bunchloch pholasaí an Rialtais maidir leis an nGaeilge. Tá naoi réimse gnímh sonraithe sa Straitéis, lena n-áirítear an réimse oideachais. Go deimhin, tugtar aitheantas sa Straitéis don ról lárnach atá ag an gcóras oideachais chun tacú le cuspóir an Stáit an Ghaeilge a chosaint mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht. Aithnítear chomh maith an tábhacht a bhaineann leis an gcóras oideachais a bheith ag tabhairt gach tacaíocht is féidir do theaghlaigh atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge ón gcliabhán agus an ról criticiúil atá ag an gcóras oideachais d’fhonn na spriocanna atá sonraithe sa Straitéis a bhaint amach.Mar sin, ainneoin nach bhfuil tagairt sonrach déanta don Ghaeloideachas ná don chóras tumoideachais i Ráiteas Straitéise na Roinne Oideachais agus Scileanna, 2016-2018, táim sásta go bhfuil gealltanas sonrach tugtha ann i dtaca leis na gnímh sa réimse oideachais atá sonraithe sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilgea chur chun cinn.

Maidir leis an réimse oideachais den Straitéis, tá mo Roinnse agus an Roinn Oideachais agus Scileanna ag obair go dlúth as lámha a chéile ar bhonn leanúnach chun dul chun cinn a dhéanamh sa réimse seo, taobh istigh de na hacmhainní atá ar fáil. Is léiriú follasach ar an gcomhoibriú sin go raibh mo Roinnse agus Údarás na Gaeltachta rannpháirteach sa phróiseas comhairliúcháin a stiúirigh an Roinn Oideachais agus Scileanna ar na dréacht-mholtaí i dtaca leis an bPolasaí Oideachais don Ghaeltacht. Tuigim go bhfuil bailchríoch á cur ar an bpolasaí sin faoi láthair agus go bhfuiltear ag súil leis an bpolasaí nua a fhoilsiú go luath tar éis é a bheith faofa ag an Aire Oideachais agus Scileanna agus an Rialtas ar mhaithe lena chur i bhfeidhm in 2017.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.