Written answers

Thursday, 6 October 2016

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

96. To ask the Minister for Education and Skills cad é an plean atá ag a Roinn le dul i ngleic leis an ollfhadhb atá ann faoi láthair maidir le múinteoirí a sholáthar don Ghaelscolaíocht, go háirithe ar leibhéal na meánscolaíochta, an bhfuil iniúchadh déanta ag a Roinn ar an soláthar múinteoirí i ngach ábhar sna scoileanna a fheidhmíonn trí Ghaeilge ar an dara leibhéal chun na heasnaimh atá ann sna scoileanna faoi láthair agus a bheidh ann sa mheántéarma agus san fhadtéarma a aithint (agus an méadú a thiocfaidh ar líon na scoileanna agus ar líon na ndaltaí sna blianta atá romhainn á chur san áireamh), an bhfuil plean ag a Roinn le dul i ngleic leis na heasnaimh sin sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28965/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Síleann mo Roinnse go bhfuil sé fíorthábhachtach dóthain múinteoirí a chur ar fáil i mbunscoileanna agus i meánscoileanna a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu, scoileanna Gaeilge san áireamh.   Tá iarrtha ag mo Roinn, dá réir sin, ar an gComhairle Mhúinteoireachta féachaint ar cheist sholáthar na múinteoirí le súil is go bhforbrófar modhanna réamhfhaisnéise níos fearr chun a chinntiú go mbeidh dóthain múinteoirí ann a bhfuil na cáilíochtaí riachtanacha acu.  Tá a cuid comhairle agus a tuairisc curtha ar fáil ag an gComhairle, agus tá moltaí na tuairisce á meas faoi láthair ag an Roinn agus é ar intinn acu iad a chur i bhfeidhm más cuí.

Tugadh an Teachta ar aird freisin go bhfuil tiomantas déanta agam sa Phlean Gnímh don Oideachas, a foilsíodh le gairid, Beartas maidir le hOideachas Gaeltachta a fhoilsiú go luath, rud a mhúnlóidh beartais eile sa réimse seo amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.