Written answers

Thursday, 6 October 2016

Department of Education and Skills

Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

97. To ask the Minister for Education and Skills cad é an plean atá aige le tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí atá ag obair i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus nach bhfuil muinín acu as a gcuid Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28966/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D'fhoilsigh mé mo Phlean Gnímh don Oideachas 2016 - 2019 i mí Mheán Fómhair.  Táim tiomanta do ghnéithe oideachais "na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, 2010 - 2030" chur chun cinn, i gcomhar le Roinn an Taoisigh agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Réigiún, Tuaithe agus Gaeltachta.Trí Ghníomh 32 den Straitéis, tugann mo Roinnse tiomantas Curaclam na Bunscoile a chur i bhfeidhm i ngach bunscoil, Gaelscoileanna san áireamh. Ó Mheán Fómhair amach, tá an curaclam nua ar fáil ó rang na Naíonán Beag go Rang a Dó i nGaeilge, le haghaidh scoileanna Gaeilge, Gaelscoileanna san áireamh - áit a gcleachtar tumoideachas - agus i mBéarla le haghaidh scoileanna Béarla.

Tá sainchlár forbartha gairmiúla ar dul leis an gCuraclaim nua Teanga faoi láthair.  Taca a bheidh sa chlár seo do mhúinteoirí agus do phrionsabail i nGaelscoileanna chun an curaclam nua teanga a chur i bhfeidhm i mbunscoileanna, scoileanna Béarla san áireamh. Cuirfear oiliúint ar na baill foirne ar fad i ngach scoil lá sa bhliain in 2016/17 agus arís in 2017/18.  Cuirtear na seimineáir seo ar fáil sa dá theanga do scoileanna Gaeilge agus do scoileanna Béarla.  Tá réimse tacaíochtaí saincheaptha ann arb é is aidhm leo an Curaclam Teanga Bunscoile a neadú sna scoileanna, agus beidh siad sin ar fáil ó lucht na seirbhísí tacaíochta i mo Roinnse.

Tá an NCCA ag forbairt an Churaclaim nua Teanga faoi láthair le haghaidh Rang a Trí go Rang a Sé agus beidh sé sin ar fáil sa dá theanga freisin.

Cuireann COGG (An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) tacaíochtaí áirithe ar fáil do Ghaelscoileanna. Tá baill foirne bhreise curtha ar fáil do COGG i mbliana chun cuidiú leis an obair sin.

Tá maoiniú curtha ar fáil chun Séideán Sí a dhigitiú. Is acmhainn fhíorthábhachtach é Séideán Sí a thacaíonn leis an gcuraclam Gaeilge i mbunscoileanna.  Tá obair mhór déanta ar na hacmhainní idirghníomhacha seo do rang na naíonán beag go rang a dó agus táthar fós ag obair ar ábhar digiteach do rang a trí go rang a sé.

Cuireann an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) réimse tacaíochtaí forbartha gairmiúla ar fáil do scoileanna. Sna bunscoileanna, téann na ceardlanna seo a leanas i ngleic le riachtanais mhuiníne múinteoirí agus le múineadh is foghlaim na Gaeilge sa seomra ranga.Tá béim faoi leith ar an nGaeilge labhartha.

- An Cur Chuige Cumarsáideach

- An Teanga Ó Bhéal

- Múineadh na Gramadaí

- Cruinneas Gaeilge an Mhúinteora

Tairgeann PDST tacaíocht scoile shaincheaptha le haghaidh gach comhthéacs scoile; scoileanna Béarla, Gaelscoileanna agus Scoileanna sa Ghaeltacht. Anuraidh (2015/2016), cuireadh an tseirbhís ar fáil do gach Gaelscoil/Scoil Ghaeltachta a d'iarr tacaíocht dá leithéid.

Ar an gcaoi chéanna, sna meánscoileanna, cuirtear ceardlanna PDST ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge sna réimsí seo a leanas:

- Pleanáil Topaice

- An Ghaeilge san Idirbhliain

- An Ghaeilge agus TFC

- Cruinneas

- Cluastuiscint agus Scil na hÉisteachta  

Cuirtear béim mhór ar fhéinmhuinín múinteoirí Gaeilge a chothú.Arís, cuirtear tacaíocht scoile ar fáil do gach scoil, Gaelcholáistí san áireamh.  Anuraidh, cuireadh an tacaíocht seo ar fáil do gach ceann den 56 Gaelcholáiste a rinne iarratas uirthi.

Lena chois sin, bíonn Tionól Teagaisc ag an PDST gach bliain. Tá seo dírithe ar mhúinteoirí iar-bhunscoile agus béim ar leith ann ar a gcuid scileanna i labhairt na Gaeilge a fhorbairt. Réimsí eile a bhféachtar orthu ann ná múineadh, foghlaim agus measúnú na Gaeilge.Sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna araon, déanann an PDST tacaíocht tionscadail áitiúil a chomhordú le haghaidh na Gaeilge, de réir riachtanais áitiúla.  

Anuas ar an méid sin, tá tiomantas tugtha agam i mo Phlean Gnímh Beartas maidir le hOideachas Gaeltachta a fhoilsiú as seo go ceann cúpla seachtain.  Tá i gceist agam é a chur faoi bhráid Choiste Comh-aireachta na Roinne Ealaíon, Gaeilge agus Gaeltachta go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.