Written answers

Friday, 16 September 2016

Department of Public Expenditure and Reform

Comhlachtaí Aistriúcháin

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

912. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform cé na coinníollacha a bhaineann leis an gcaighdeán Gaeilge i ndáil le tairiscintí a lorgaítear ó chomhlachtaí aistriúcháin le hábhar a aistriú go Gaeilge; an éilítear go mbeidh gach aistritheoir cáilithe agus ar an bpainéal a bhunaigh Foras na Gaeilge chuige seo, le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [25447/16]

Photo of Paschal DonohoePaschal Donohoe (Dublin Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D'fhoilsigh an Oifig um Sholáthar Rialtais iarraidh ar thairiscint mar gheall ar Sheirbhísí Aistriúcháin Ghaeilge 23ú Lúnasa 2016.

Lorg an Oifig um Sholáthar Rialtais aighneachtaí ó gheallsealbhóirí éagsúla san earnáil phoiblí roimh don iarraidh ar thairiscint a bheith foilsithe ag an Oifig. Ba iad An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtas na geallsealbhóirí sa phróiseas seo. Thairis sin, chuir Oifig an Choimisinéara Teanga aiseolas ar fáil don Oifig um Sholáthar Rialtais.

Bhíodh Seirbhísí Aistriúcháin don Ghaeilge san áireamh sna creataí a bhain le teangacha éagsúla roimh thús an chomórtais seo. Tá comórtas ar leith do Sheirbhísí Aistriúcháin Ghaeilge foilsithe ag an Oifig um Sholáthar Rialtais bunaithe ar an bpróiseas comhairliúcháin thuas luaite agus mar gheall ar stádas na Gaeilge mar chéad teanga oifigiúil na hÉireann.

Cuireann Dlí Soláthair Phoiblí cosc ar chritéir cháilíochta srianta a bheith mar chuid den chomórtas iomaíoch. Dá bhrí sin, níl sé ceadaithe coinníoll go mbeadh creidiúnú Fhoras na Gaeilge bainte amach ag aistritheoirí mar chuid den chomórtas. Mar sin féin, tá an comórtas oscailte d'aistritheoirí a bhfuil creidiúnú Fhoras na Gaeilge acu.

Is é sprioc an chomórtais seo ná go gcruthóidh sé creat d'aistritheoirí agus do chomhlachtaí a bhfuil taithí acu in earnáil an aistriúcháin Ghaeilge. Ní dhámhfar conarthaí go dtí go reachtófar próiseas iomaíoch eile i ndiaidh bhunú an chreata. Is gá go mbeadh na ceanglais íosta comhlíonta ag comhlachtaí aistriúcháin le go mbeadh siad cáilithe don chreat; is gá go mbeadh conarthaí do Sheirbhísí Aistriúcháin Ghaeilge comhlíonta ag na comhlachtaí roimhe seo agus líon áirithe aistrithe ag na comhlachtaí. Is gá go gcuireann na hiarratasoírí teistiméireachtaí sásúla ar fáil. Déanfar meastóireacht faoi na Critéir Mheasúnuithe ar na comhlachtaí a chomhlíonann na ceanglais íosta- dáileofar 75% ar na marcanna ar chaighdeán na hoibre agus 25% ar chostas na hoibre.

Ní dhámhfar conarthaí do Sheirbhísí Aistriúcháin Ghaeilge ag an bpointe seo den chreat. Dámhfar conarthaí do Sheirbhísí Aistriúcháin i ndiaidh bhunú an chreata agus tar éis próiseas iomaíoch bunaithe ar riachtanais an Chomhlachta Phoiblí a bhfuil na seirbhísí de dhíth air. Féadfaidh comhlachtaí earnála poiblí triail chaighdeáin a chur ar na cliaint ón gcreat mar chuid den phróiseas seo. Cuirfear sonraí an choinníoll seo, má bhaineann sé leis an bpróiseas áirithe, ar fáil do gach comhlacht den chreat mar chuid den phróiseas.  

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.