Written answers

Wednesday, 20 April 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

540. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén t-eolas atá aici faoi aon atheagar atá beartaithe nó idir lámha ar struchtúr na bainistíochta nó na foirne in Údarás na Gaeltachta; cén cineál atheagair atá beartaithe; cén obair atá déanta go dtí seo leis an atheagar sin a chur i bhfeidhm; cén dáta a bheidh an struchtúr nua ag feidhmiú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [7561/16]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh. 44 ar 8 Nollaig 2015 i dtaca leis an ábhar seo. Mar a thug mé le fíos sa fhreagra sin, rinneadh atbhreithniú neamhspleách ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta i rith na bliana 2015. Ba é príomhchuspóir an athbhreithnithe sin ná measúnú a dhéanamh ar an struchtúr agus an grádú ag leibhéal na bainistíochta sinsearaí in Údarás na Gaeltachta ag féachaint do ról, d’fheidhmeanna, do bhuiséad agus do fhreagrachtaí na heagraíochta, i gcomparáid le heagraíochtaí eile sa tseirbhís phoiblí. Cuireadh san áireamh na feidhmeanna breise a tugadh don Údarás faoi Acht na Gaeltachta 2012. Rinneadh an t-athbhreithniú i gcomhpháirtíocht leis an Údarás féin.

Tá cur i bhfeidhm mholtaí an athbhreithnithe pléite idir mo Roinnse agus an tÚdarás. Sa chomhthéacs sin, tuigim ón Údarás go bhfuil tús curtha acu le déanaí le cur i bhfeidhm na moltaí sin agus go bhfuil sé mar sprioc acu go mbeidh moltaí na tuarascála curtha i bhfeidhm go hiomlán roimh dheireadh na bliana seo. Ar ndóigh, tuigfidh an Teachta go bhfuil an príomhchúram maidir leis an bpróiseas seo ar Phríomhfheidhmeannach agus ar Bhord an Údaráis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.