Written answers
Wednesday, 6 April 2016
Department of Public Expenditure and Reform
Cuanta agus Céanna
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
193. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform an raibh cruinniú aige le hionadaithe ó phobal Inis Meáin maidir le forbairt na céibhe ar an oileán sin; cén áit a raibh an cruinniú sin; cén dáta a bhí an cruinniú ann; ar tógadh miontuairiscí den chruinniú; an bhfuil sé sásta miontuairiscí an chruinnithe a chur ar fáil; céard a dúirt sé leis an toscaireacht mar aisfhreagra ar an méid a d’inis an toscaireacht dó; cé na cinntí atá déanta ag éirí as an gcruinniú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5405/16]
Brendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bhí cruinniú agam ar 20 Eanáir 2016 sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le hionadaithe ó phobal Inis Meáin maidir le forbairt na céibhe ar an oileán sin. Níor tógadh miontuairiscí den chruinniú ach, mar atá a fhios agat is cúram do Chomhairle Contae na Gaillimhe Céibh an Chalaidh Mhóir ar Inis Meáin agus tá an Chomhairle freagrach as forbairt agus cothabháil na cé sin.
No comments