Written answers
Wednesday, 6 April 2016
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
856. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5817/16]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá curtha in iúl dom gurbh ionann líon iomlán na mball foirne fostaithe i mo Roinn ar an 31 Márta agus 591 (571.10 lánaimseartha). Sa tábla thíos tugtar achoimre ar na 57 bpost atá ainmnithe faoi láthair mar phoist a bhfuil riachtanas inniúlachta Gaeilge ag baint leo;
Aonad Gnó | Líon na Foirne Reatha |
---|---|
Rannán na Gaeltachta agus Rannán na nOileán* | 27 |
Rannán na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht* | 17 |
An Brainse Logainmneacha* | 5 |
Oifig an Aire Stáit do Chúrsaí Gaeltachta* | 3 |
An Phreasoifig (an Preasoifigeach agus an Preasoifigeach Cúnta) | 2 |
Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha (Treoraí Oideachais) | 1 |
Aistriucháin | 2 |
Anuas ar na poist i mo Roinn, tá baill foirne ar iasacht freisin in Oifig an Choimisinéara Teanga agus tá 6 ball foirne san oifig sin faoi láthair ata inniúil sa Ghaeilge.
Cuireann baill foirne i rannáin eile de chuid mo Roinne seirbhísí ar fáil i nGaeilge i bpoist nach bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge sonraithe mar riachtanas dóibh.
Déantar athbhreithniú rialta ar an líon foirne i bhfianaise riachtanais ghnó a thagann chun cinn, lena n-áirítear riachtanais a bhaineann le hinniúlacht sa Ghaeilge, mar a léirítear i bpróiseas pleanála mo Roinne don fhórsa oibre.
No comments