Written answers
Wednesday, 6 April 2016
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Scéimeanna Teanga
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
854. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhféadfadh sí míniú a thabhairt ar an gcúis nár daingníodh an dréachtscéim náisiúnta teanga fós faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ar dréachtscéim í a d’iarr an tAire ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte í a chur faoina bráid roimh 10/06/2007; cén chúis atá leis an moill níos faide ná ocht mbliana go leith a bheith le daingniú na dréachtscéime; céard iad na céimeanna atá tógtha ag an Aire chun an dréachtscéim a dhaingniú; cén uair a thiocfaidh an scéim teanga i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5812/16]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar a mhínigh mé don Teachta i mo fhreagra ar Cheist Dála Uimh. 250 ar an 21 Eanáir 2015, daingníodh scéim teanga faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla le Bord Sláinte an Iarthair, mar a bhí ag an am agus atá anois mar Réigiún an Iarthair d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), i mí Iúil 2005. Faoi alt 14(3) den Acht, fanann forálacha na scéime sin i bhfeidhm go dtí go ndaingnítear scéim nua. Iarradh ar FSS dréachtscéim teanga a ullmhú i mí na Nollag 2006 agus, cé gur cuireadh dréachtscéim faoi bhráid na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, mar a bhí ag an am, níor daingníodh an dréachtscéim ar bhonn náisiúnta, go príomha mar gheall ar phleananna athstruchtúraithe a bhí á mbeartú don FSS.
Tá plé gníomhach ar bun idir oifigigh mo Roinne agus FSS le tamall anuas maidir le dréachtscéim teanga a aontú leis an chomhlacht poiblí ar bhonn náisiúnta. Tuigtear dom go bhfuil an próiseas comhairliúcháin a thionscain FSS i ndáil le hullmhú na dréachtscéime curtha i gcrích anois agus go bhfuil torthaí an phróisis á mbreithniú faoi láthair.
Tá mé ag súil leis, dá réir, go gcuirfear dréachtscéim faoi bhráid mo Roinne gan ró-mhoill.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
855. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén míniú atá aici ar scéim teanga a Roinne a bheith imithe in éag gan athnuachan; cad chuige an mhoill atá le scéim teanga nua dá Roinn a bheith daingnithe aici; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5813/16]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an dréachtscéim teanga don tréimhse 2016-18 atá ullmhaithe ag oifigigh mo Roinne i gcomhréir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla á breithniú agam faoi láthair roimh í a fhaomhadh agus a fhoilsiú. Ní miste a nótáil go bhfanann scéim reatha na Roinne i bhfeidhm go dtí go ndaingnítear an scéim nua.
No comments