Written answers
Tuesday, 8 December 2015
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí trí Ghaeilge
Michael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
79. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad é an dul chun cinn atá déanta maidir leis an moladh go mbeidh 10% de na hoibrithe poiblí in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an bpobal; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [43493/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhuil sraith de chruinnithe déthaobhacha tionscanta agam le hAirí sna ranna stáit éagsúla maidir le tionscnaimh pholasaí áirithe a bhfuil sé mar aidhm acu forbairt a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí poiblí i nGaeilge. Cuimsíonn an cur chuige seo moltaí éagsúla atá déanta maidir leis an ábhar atá luaite ag an Teachta. Tá an méid seo a leanas san áireamh sna tionscnaimh pholasaí seo:
- Na céatadáin íosta do na painéil do dhátheangaigh fheidhmiúla a ardú ón íosmhéid de 6% i gcomórtais earcaíochta do ghráid neamh-speisialtóireachta. Is í an mhianaidhm an céatadán a ardú ar bhonn incriminteach go dtí 20% thar thréimhse ama, ag tosú le hardú go dtí 10% mar thús.
- Treisiú a dhéanamh ar an gcreatlach pleanála don fhórsa saothair do Ranna Rialtais trína gcuirtear iachall orthu mír ar leith a bheith sna pleananna gníomhaíochta don fhórsa saothair a shonraíonn na poist/réimsí oibre ina mbíonn gá le dátheangaigh fheidhmiúla le fócas ar leith ar an nGaeltacht.
No comments