Written answers

Thursday, 19 November 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Feabhsú Céibheanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

270. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair atá sé i gceist ag an Aire Stáit Mc Hugh casadh le toscaireacht ó Inis Meáin chun an cheist maidir le forbairt Chéibh an Chalaidh Mhóir a phlé; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40908/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar atá mínithe don Teachta i bhfreagraí ar roinnt ceisteanna Dála ar an ábhar seo, is cúram do Chomhairle Contae na Gaillimhe Cé an Chalaidh Mhóir. É sin ráite, tá curtha in iúl agam go bhfuil mé sásta bualadh le toscaireacht ón oileán maidir leis an gcé ach dáta do chruinniú dá leithéid a aontú leo. Tá sé sin curtha in iúl agam d'ionadaithe Inis Meáin. Is ceart a rá arís nach bhfuil ciste ar fáil do mo Roinn chun tabhairt faoi fhorbairt ar an gcé seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.