Written answers

Thursday, 19 November 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

269. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair a chuirfear ar fáil an tuarascáil a lorgaíodh ó údaráis an Gharda Síochána maidir le saincheisteanna oibríochta a ardaíodh i dtaca le cur i ngníomh Ionstraim Reachtúil Uimh. 398 de 2015, na Rialacháin fán Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2010 (Alt 13) (An Fhoirm Fhorordaithe agus an Modh Forordaithe maidir le Ráitis), 2015, arna síniú ina dlí le gairid ag an Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt; an bhfuil baol ann idir an dá linn go dteipfidh ar chúiseanna a thógfar in aghaidh tiománaithe de bharr gan tairiscint ghníomhach de cháipéisí a bheith ar fáil i nGaeilge i ngach cás le linn don Ionstraim Reachtúil seo a bheith á feidhmiú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40907/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é príomhchuspóir an athbhreithnithe ná measúnú a dhéanamh ar an struchtúr agus an grádú ag leibhéal na bainistíochta sinsearaí in Údarás na Gaeltachta, ag féachaint do ról, d’fheidhmeanna, do bhuiséad agus do fhreagrachtaí na heagraíochta, i gcomparáid le heagraíochtaí eile sa tseirbhís phoiblí, agus ag tabhairt san áireamh na feidhmeanna breise a tugadh don Údarás faoi Acht na Gaeltachta 2012. Tá an t-athbhreithniú ar siúl i gcomhpháirtíocht leis an Údarás.

Is iad seo a leanas téarmaí tagartha an athbhreithnithe:

- An struchtúr foirne ardbhainistíochta is fearr a oireann do riachtanais na heagraíochta agus lena mbaintear an úsáid is éifeachtaí agus is éifeachtúla as na hacmhainní atá ar fáil;

- A áirithiú go bhfuil an struchtúr molta ailínithe go hiomlán leis an trí réimse is mó de ghnó na heagraíochta, is iad sin Fiontraíocht agus Fostaíocht, Pleanáil Teanga agus Forbairt Pobail, agus Rialachas Corparáideach;

- Na scileanna agus an taithí is gá chun tacú leis na cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach;

- Sainchuntas mionsonraithe poist a ullmhú le haghaidh gach ceann de na poist shinsearacha, rud a chothóidh feidhmiú níos éifeachtaí agus a éascóidh caighdeáin feidhmíochta a leagan síos agus measúnuithe a dhéanamh;

- A áirithiú go ndéanfar próifílí daoine aonair agus foirne comhtháite a fhorbairt ag leibhéal na hardbhainistíochta chun ceannaireacht éifeachtach an struchtúir nua a éascú;

- A áirithiú go bhforbrófar cultúr agus creat bainistíochta feidhmíochta, go bhforbrófar na scileanna agus an saineolas agus an taithí a bheidh de dhíth sa struchtúr comhtháite, agus go bhforbrófar straitéis thacúil oiliúna don lucht bainistíochta agus don fhoireann.

I gcomhréir leis na Rialacháin um Soláthar Poiblí, bronnadh an conradh don athbhreithniú ar an gcomhlacht Public Affairs Ireland. Is é €15,800, gan CBL san áireamh, luach an chonartha. Bhí sé mar choinníoll den chonradh go ndéanfaí an obair trí Ghaeilge leis an Údarás agus an Roinn agus tuigtear dom gur comhlíonadh an coinníoll sin.

Tuigtear dom go bhfuil an tuarascáil curtha ar fáil don Údarás. Tá plé ar bun faoi láthair idir mo Roinnse agus an tÚdarás maidir le cur i bhfeidhm mholtaí na tuarascála. Ní dhéanfar cinneadh faoi fhoilsiú na tuarascála go dtí go mbeidh an próiseas sin thart.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.