Written answers

Tuesday, 6 October 2015

Department of Environment, Community and Local Government

Calafoirt agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

703. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government an bhfuil airgead curtha ar fáil sa Chlár Bunstruchtúr agus Infheistíochta Caipitil 2016-2021 d’fhorbairt na Cé in Inis Oírr; má tá, cén méid agus cén uair atá sé i gceist tairiscintí a lorg don obair seo ó tharla go bhfuil cead pleanála ann cheana don obair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34941/15]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

716. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil an bhfuil airgead curtha ar fáil faoin gClár Bonneagair agus Infheistíochta Caipitil, 2016-2021 d’fhorbairt na cé ar Inis Oírr; má tá, cé mhéid tairiscintí a iarrfar don obair seo, agus cén uair a iarrfar iad, ó tharla go bhfuil cead pleanála ann cheana don obair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34382/15]

Photo of Alan KellyAlan Kelly (Tipperary North, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 703 agus 716 le chéile.

Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil soláthar €8 milliún curtha ar fáil ag an Rialtas faoin gClár Bonneagair agus Infheistíochta Caipitil, 2016-2021 d’fhorbairt na cé ar Inis Oírr, Oileáin Árann.

Tá sé mar chuspóir lárnach ag an Rialtas go leanfaidh pobail bhríomhara, inmharthana ag cur fúthu ar na hoileáin agus is léir go rachaidh an togra tábhachtach seo go mór chun tairbhe pobal Inis Oírr.

Beidh mé ag dul i mbun comhráití le mo chomhleacaí, an tAire Ealaíon, Oidhreachta a gus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., a bhfuil príomhfhreagracht ag a Roinn as forbairt na n-oileán, d’fhonn teacht ar comhréiteach faoin mbealach is fearr chun an togra a chur i gcrích a luaithe is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.