Written answers
Wednesday, 8 July 2015
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Foras na Gaeilge
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
258. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an mbeidh cás An tUltach, iris atá seanbhunaithe, An Timire agus Feasta á phlé ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27919/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil do nuachtáin agus d’irisí Gaeilge i gcomhréir lena fheidhm reachtúil úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh ar bhonn uile-oileáin. Maidir le maoiniú a chur ar fáil do nuachtáin agus d’irisí ar leith, is ceist oibríochtúil í sin d’Fhoras na Gaeilge. Tuigtear dom go ndearna bord an Fhorais an cheist seo a mheas roinnt uaireanta agus gur tógadh sainchinntí ina leith. Tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé cuí don Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ionchur nó tionchar a bheith aici maidir le cásanna oibríochtúla. Bunaithe ar a straitéis pobal léitheoireachta Gaeilge inmharthana a chothú agus an luach is fearr ar airgead a chinntiú trí ábhar léitheoireachta a chur ar fáil saor in aisce ar líne, tuigtear dom go bhfuil na conarthaí foilseacháin seo a leanas bronnta ag Foras na Gaeilge mar thoradh ar chóras tairisceana poiblí: nuachtán seachtainiúil (Tuairisc.ie), iris stíl mhaireachtála (Nos.ie) agus foilseachán liteartha (Comhar).
Tuigtear dom fosta go bhfuil an straitéis seo á feidhmiú mar thoradh ar thaighde agus plé cuimsitheach ar nósanna léitheoireachta a thionscain Coiste Nuachtáin agus Irisí Fhoras na Gaeilge agus go léiríonn na figiúirí léitheoireachta go dtí seo go bhfuil ag éirí leis an chur chuige seo.
No comments