Written answers
Wednesday, 24 June 2015
Department of Education and Skills
Cóiríocht Scoile
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
223. To ask the Minister for Education and Skills cén uair atá sé i gceist aici cóiríocht bhuan a cheadú do Ghaelscoil Riada agus don Ghaelscoil i mBaile Átha an Rí; cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an dá thogra seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [25254/15]
Jan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá oifigigh de chuid mo Roinne ag obair go dlúth faoi láthair le hoifigigh de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe maidir le suíomhanna cuí a fháil chun éascú le soláthar lín áirithe tionscadal tógála scoile sa cheantar dá dtagraíonn an Teachta. Táthar ag cur an phróisis fála seo chun cinn i gcónaí. Cuirfear soláthar buanchóiríochta scoile do na scoileanna dá dtagraíonn an Teachta chun cinn go dtí an próiseas pleanála ailtireachta a luaithe a bheidh na ceisteanna maidir le fáil na suíomhanna réitithe.
No comments