Written answers

Wednesday, 24 June 2015

Department of Education and Skills

Foirne Scoile

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

222. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sé i gceist an dara hoide a cheapadh ar Scoil Naisiúnta Inis Meáin i mí Mheán Fómhair seo chugainn ó tharlóidh go mbeidh ochtar scoláirí sa scoil sa bhFómhar; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [25253/15]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Foilsítear na critéir a úsáidtear chun múinteoirí a leithdháileadh ar bhunscoileanna ar shuíomh idirlín na Roinne Oideachais agus Scileanna gach bliain. Is é an príomhchritéar lena gcinntear an leibhéal acmhainní foirnithe a sholáthraítear ag leibhéal na scoile aonair ná an sceideal foirnithe don scoilbhliain chuí agus an líon daltaí ar an rolla ar an 30 Meán Fómhair roimhe sin.

Bhí 3 dhalta ar an rolla sa scoil dá dtagraíonn an Teachta ar an 30 Meán Fómhair 2014. Tá rollachán de 8 ndalta réamh-mheasta ag an scoil do mhí Mheán Fómhair seo chugainn. Cuirtear feabhas ar leibhéil foirnithe sna scoileanna beaga leis na socruithe foirne don scoilbhliain 2015/16. Tá tairseacha feabhsaithe ceapacháin agus coinneála tugtha isteach don scoilbhliain 2015/16 do scoileanna aon oide amháin atá scartha amach ó scoileanna eile. Áit a mbeadh líon de 20 dalta ar an rolla ag teastáil ón scoil seo chun go gceapfaí an dara oide, anois tá sé seo laghdaithe go 15 dhalta. Tá próiseas achomharc ar fáil do scoileanna beaga sa chás go mbíonn siad in ann a léiriú gur leor a rollacháin réamh-mheasta chun ligean dóibh a múinteoir rangsheomra a choinneáil sa bhfadtéarma. Cuirtear in iúl na critéir faoina féidir le scoileanna achomharc a dhéanamh i gCiorclán 0005/2015. Feidhmíonn an Bord Achomharc go neamhspleách ar an Roinn agus ní bhíonn dul thar a bhreith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.