Written answers
Wednesday, 15 April 2015
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí Eitilte
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
900. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair a lorgófar tairiscintí don chonradh aerthaistil go dtí oileáin Árann; an bhfuil i gceist aici go mbeidh an leibhéal céanna seirbhíse á thabhairt faoi aon chonradh nua i gcomparáid leis an tseirbhís atá ann faoi láthair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13867/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an fógra ag lorg tairiscintí do sheirbhís aeir Oileáin Árann foilsithe anois. Tá spriocdháta den 8 Meitheamh 2015 ag tairgeoirí seirbhísí aeir chun tairiscintí a dhéanamh. Faoin Iarraidh ar Thairiscint, tá íosleibhéal seirbhíse in aghaidh na seachtaine i gceist, is é sin dhá eitilt fillte in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine móide seirbhís iompair bóthair chun freastal ar na heitiltí sin. Mar atá i gceist faoin gconradh reatha, ní bheidh cosc ar an gcuideachta ar a mbronnfar an conradh níos mó seirbhísí ná an t-íosleibhéal sin a chur ar fáil.
No comments