Written answers
Wednesday, 15 April 2015
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí Farantóireachta
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
898. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici fóirdheontas díreach a dheonú i leith an chostais a bhaineann le ticéid paisinéirí ar an mbád farantóireachta go hÁrainn, á chur i gcuntas go bhfuil na hoileánaigh ar an oileán sin ag íoc i bhfad níos mó ar thicéid ná mar atá aon oileánaigh eile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13865/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, níl aon chonradh ag mo Roinn faoi láthair chun seirbhís farantóireachta do phaisinéirí a chur ar fáil idir Ros an Mhíl agus Árainn (Inis Mór). É sin ráite, tuigtear dom go bhfuil an farantóir ag leanúint leis an tseirbhís chéanna i gcónaí gan aon chúnamh Stáit. Sa chomhthéacs seo, níl sé i gceist fóirdheontas díreach a dheonú i leith an chostais a bhaineann le ticéid do phaisinéirí ar an mbád farantóireachta go hÁrainn.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
899. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair a bheidh deireadh leis an gconradh reatha farantóireachta chuig Inis Meáin agus Inis Oírr; an bhfuil i gceist aici gurb é conradh amháin do na trí oileán Árann a bheidh in aon chonradh nua; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13866/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tiocfaidh deireadh leis an gconradh farantóireachta reatha do phaisinéirí go hInis Meáin agus Inis Oírr ar 31 Deireadh Fómhair 2017. Glacfar cinneadh in am trátha maidir le comhdhéanamh aon chonradh nua tar éis athbhreithniú iomlán a bheith déanta agus ag tógáil moltaí na bpáirtithe leasmhara san áireamh.
No comments