Written answers

Wednesday, 15 April 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Comharthaí Bóthair

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

897. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil dualgas ar údaráis áitiúla faoi Alt 33(2)(c) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla na comharthaí bóthair a chur suas i nGaeilge amháin nuair a bhíonn cuid d’áit lena mbaineann logainm taobh istigh den Ghaeltacht agus an chuid eile taobh amuigh; cén chaoi a bhfuil cead ag Comhairle Contae Chiarraí comharthaí bóthair dátheangacha a chur suas i gcás Dingle/Dhaingean Uí Chúis; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13862/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá na logainmneacha Gaeltachta daingnithe san Ordú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) IR 872 de 2004. Faoi réir fhorálacha alt 33 d'Acht na dTeangacha Oifigiula 2003, níl aon fheidhm nó éifeacht ón 28 Márta 2005 leis an leagan Béarla de na logainmneacha seo ar chomhartha bóthair nó sráide arna chur suas ag údarás áitiúil nó thar a cheann.

Maidir le Dingle/Daingean Uí Chúis, de bhun leasuithe a rinneadh ar Chuid 18 den Acht Rialtais Áitiúil 2001, arna chur isteach ag alt 48 den Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2011, rinneadh an tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) IR 872 de 2004 a leasú ionas gurb iad Daingean Uí Chúis i nGaeilge agus Dingle i mBéarla na leaganacha oifigiúla den logainm, seachas An Daingean mar a bhí daingnithe san Ordú Logainmneacha roimhe sin.

Tuigfidh an Teachta nach bhfuil aon fheidhm agamsa mar Aire Stáit maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh forálacha, lena n-áirítear comharthaí bóthair, a bhaineann le húsáid na Gaeilge. Is feidhm í sin de chuid an Choimisinéara Teanga faoi réir alt 21 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.