Written answers

Tuesday, 31 March 2015

Department of Education and Skills

Rollú Scoile

Photo of Róisín ShortallRóisín Shortall (Dublin North West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

576. To ask the Minister for Education and Skills cad é an líon daltaí a bheidh ag fágáil na mbunscoileanna (sonraí tugtha) ag deireadh mhí an Mheithimh, 2016 chun dul ar aghaidh go dtí na meánscoileanna; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [12945/15]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ionann an rollú reatha comhcheangailte sa 5ú rang sna scoileanna dá dtagraíonn an Teachta ná tuairim is 444 dalta. Comhdhéanfaidh na daltaí seo an 6ú rang a bheidh ag fágáil na bunscoile i Mí Meithimh 2016. Is ceart a thabhairt faoi deara go mbaineann na sonraí seo leis an scoilbhliain 2014/15 agus go bhfuil siad fós sealadach.

Is ceart a thabhairt faoi deara chomh maith go bhfuil na scoileanna dá dtagraíonn an Teachta scaipthe thar limistéar geografach an-fhairsing amach ó lár na cathrach chomh fada amach le Sord agus Mullach Íde agus go bhfuil 3 scoil ina measc atá lonnaithe i gContae na Mí. Dá réir sin, ní dhéanfaí na rolluithe sna scoileanna seo a ghrúpáil le chéile nuair a bheifí ag breithniú na riachtanas ag an iar-bhunleibhéal.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.