Written answers

Tuesday, 31 March 2015

Department of Education and Skills

Clár Tógála Scoileanna

Photo of Róisín ShortallRóisín Shortall (Dublin North West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

575. To ask the Minister for Education and Skills cad é an líon áiteanna a bheidh ar fáil sna Gaelcholáistí (sonraí tugtha) sa chéad bhliain don scoilbhliain 2016/2017; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [12944/15]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go mbeidh tuairim is 210 ionad scoile ar fáil do dhaltaí céad bliana sna scoileanna dá dtagraíonn an Teachta in 2016/2017.

I gcás na scoile céadluaite ar an liosta sna sonraí a cuireadh ar fáil, tá tús curtha le pleanáil ailtireachta chun malairt fhoirgnimh a sholáthar a mbeidh cóiríocht ann do 600 dalta. Bhí 327 dalta ar an rolla sa scoil ar 30ú Meán Fómhair 2014.

Tugadh foirgneamh nua scoile chun críche in 2012 i gcomhair na tríú scoile atá luaite ar chostas €2.5m beagnach. Tá acmhainn sa cheann seo do bheagnach 350 dalta.

Mar is eol gan dabht don Teachta tá sé mar phríomhaidhm ag Clár Tógála Chúig Bliana mo Roinne freastal ar éilimh dhéimeagrafacha chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag gach aon pháiste ar ionad fisiciúil scoile agus go mbeidh an córas scoile againn in ann fónamh ar líonta méadaitheacha daltaí.

Ina theannta sin, breithníonn mo Roinnse ar bhonn leanúnach iarratais ó scoileanna aonair ar mhaoiniú chun freastal ar riachtanas láithreach cóiríochta de bharr rolluithe méadaithe, agus áit a bhfuiltear ag ceapadh múinteora breise.

Déanann mo Roinn anailís go leanúnach ar threochtaí déimeagrafacha agus rolluithe i ngach aon cheantar chun a chinntiú go bhfreastalaítear go tráthúil ar aon riachtanais bhreise cóiríochta atá ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.