Written answers

Thursday, 12 February 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Teanga

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

264. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair a chlúdófar Óileán Árainn Mhór mar chuid den phroiséas pleanála teanga; cén fáth nach bhfuil cead ag an gcomharchumann áitiúil, atá ag obair go dian ar an phleanáil teanga ar an oileán, ionadaí a chur chuig an chúrsa pleanála teanga atá á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6388/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé i gceist fógraí a fhoilsiú go han-luath faoi alt 7(3) d'Acht na Gaeltachta 2012 chun tús oifigiúil a chur leis an bpróiseas pleanála teanga i 4 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta eile, lena n-airítear Árainn Mhór i gCo. Dhún na nGall. I gcomhthéacs an róil atá sainithe don Údarás mar a bhaineann sé leis an bpróiseas pleanála teanga faoin Acht, tuigtear do mo Roinnse gur thug an tÚdarás an deis do gach eagraíocht forbartha pobail, lena n-airítear eagraíochtaí pobail atá ag feidhmiú ar Árainn Mhór, freastal a dhéanamh ar an gcúrsa dar teideal Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga, atá á reáchtáil faoi láthair ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.