Written answers

Tuesday, 16 December 2014

Department of Foreign Affairs and Trade

An Fhoireann Rannach

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

541. To ask the Minister for Foreign Affairs and Trade an bhfuil iniúchadh déanta fós ar na poist agus na réimsí oibre ina mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ag teastáil, de réir mar a thug an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe treoir don Roinn a dhéanamh; má tá an t-iniúchadh déanta, cad é líon agus cad iad céimeanna na bpost atá i gceist; cén líon de na poist sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla ann cheana féin; cén plean atá ann chun na poist eile a líonadh le daoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu; cén cháilíocht Gaeilge atá riachtanach do na poist sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48375/14]

Photo of Charles FlanaganCharles Flanagan (Laois-Offaly, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mo Roinn go h-iomlán tiomanta do sheirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar agus freagraí a thabhairt ar comhfhreagras trí Ghaeilge nuair atá siad de dhíth. Is iad Oifig na bPasanna agus an Rannán Consalachta na príomh rannóga ina mbíonn idirgabháil idir an Roinn agus an pobal agus tá riachtanais acu i dtaca le h-oifigigh le scileanna Gaeilge. Freisin, tá riachtanais ginearálta tríd an Roinn i dtaca le h-oifigigh atá ábalta deileáil le comhfhreagras agus fiosrúcháin trí Ghaeilge.

Cuireadh iniúchadh scileanna i gcrích i 2012 a thaispeáin go bhfuil scileanna Gaeilge ar chaighdeán líofa nó ardleibhéal ag 55 oifigeach i mo Roinn, agus dhearbhaigh 160 oifigeach eile go bhfuil scileanna Gaeilge acu ar chaighdeán idirmheánach; is é seo timpeall ar 20% den fhoireann bhuan ag ceanncheathrú na Roinne.

Cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil go rialta go h-inmheánach i mo Roinn agus, ó 2010 go 2014, chláraigh 200 oifigeach chun freastal ar na ranganna seo. Tá rangannga Gaeilge seancheaptha, inmheánach ar fáil in Oifig na bPasanna i gCorcaigh agus beidh siad ar fáil go luath in Oifig na bPasanna ar Shráid Theach Laighean. Spreagtar oifigigh na Roinne chun a scileanna Gaeilge a fhorbairt ina n-am féin agus tá mo Roinn sásta chun tacú le agus maoiniú a thabhairt do na h-iarrachtaí seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.