Written answers
Tuesday, 16 December 2014
Department of Health
Seirbhísi Sláinte
Caoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
514. To ask the Minister for Health an dtabharfaidh sé cuntas ar líon iomlán na nglaonna ar otharcharranna i gConamara le cúig bliana anuas agus an dtabharfaidh sé léiriú ar an am a glaodh ar na seirbhísí éigeandála, an fad a thóg sé orthu teacht chuig an láthair agus an fad a thóg sé dul chuig an ospidéal; cén líon daoine a bhásaigh sna cásanna sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48383/14]
Caoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
515. To ask the Minister for Health an dtabharfaidh sé cuntas ar líon na nglaonna ar an Aerárthach Othar chuig Conamara ó thosaigh an tseirbhís sin; cad iad na háiteanna a raibh an tseirbhís de dhíth orthu; cén fad ó glaodh orthu go bhfuair an t-othar cóir leighis agus cén fad ama a caitheadh go dtí go raibh siad ag an ospidéal. [48384/14]
Caoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
516. To ask the Minister for Health an bhfuil riachtanas ann go mbeadh beirt pharamhíochaineoir i ngach otharcharr; an nglactar le paramhíochaineoir agus teicneoir míochaine éigeandála, nó tiománaí, i gcás práinne ó thaobh an otharchairr pobail de. [48385/14]
Caoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
517. To ask the Minister for Health an bhfuil aon chlár nó tacaíocht ann chun oibrithe deonacha a oiliúnt mar pharamhíochaineoirí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48386/14]
Leo Varadkar (Dublin West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 514, 516 agus 517 le chéile.
Toisc go mbaineann na cheisteanna seo le seirbhísí, cuireadh ar aghaidh iad go dtí Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) chun freagra díreach a sholáthar. Muna bhfuil freagra ón HSE faighte agat laistigh de 15 lá oibre déan teagmháil le do thoil le m’Oifig Phríobháideach agus déanfaidh siadsan fiosrúcháin leo faoin scéal.
No comments