Written answers

Tuesday, 16 December 2014

Department of Health

An Fhoireann Rannach

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

513. To ask the Minister for Health an bhfuil iniúchadh déanta fós ar na poist agus na réimsí oibre ina mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ag teastáil, de réir mar a thug an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe treoir don Roinn a dhéanamh; má tá an t-iniúchadh déanta, cad é líon agus cad iad céimeanna na bpost atá i gceist; cén líon de na poist sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla ann cheana féin; cén plean atá ann chun na poist eile a líonadh le daoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu; cén cháilíocht Gaeilge atá riachtanach do na poist sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48376/14]

Photo of Leo VaradkarLeo Varadkar (Dublin West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá seachtar ball foirne i mo Roinn, nó beagnach 2% den líon iomlán fostaithe sa Roinn, in ann a gcuid dualgas a chur i gcrích sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon. Tugtar freagra sa Ghaeilge ar an gcomhfhreagras ar fad a sheoltar don Roinn sa Ghaeilge and cuirtear aon cheisteanna teileafóin ar aghaidh chuig duine de na baill foirne atá inniúil sa Ghaeilge.

Agus aird á tabhairt ar bheartas Rialtais le haghaidh soláthar feabhsaithe seirbhísí sa Ghaeilge agus de réir Scéim Teanga bheartaithe na Roinne do 2014-2017 a cuireadh faoi bhráid an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta lena formheas, tá an Roinn tiomanta do scrúdú a dhéanamh, faoi dheireadh na chéad bhliana den scéim, ar an ngá le haon phoist bhreise a bhféadfadh inniúlacht sa Ghaeilge a bheith ina riachtanas bunriachtanach ina leith a shainaithint.

Tuigeann an Roinn go gcuirfear san áireamh i bpainéil na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí don bhliain 2015 daoine ag a bhfuil inniúlachtaí sonracha sa Ghaeilge agus bheadh sé mar rún ag an Roinn aon bhearnaí a shainaithnítear inár soláthar foirne reatha sa réimse seo a líonadh ó na painéil sin agus/nó oiliúint bhreise ar an nGaeilge a úsáid chun na hinniúlachtaí atá ag ár bhfoireann reatha a fhorbairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.