Written answers
Tuesday, 9 December 2014
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
An Maolú i leith na Gaeilge san Aontas Eorpach
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
107. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí chun an maolú atá i bhfeidhm ar an nGaeilge i bParlaimint na hEorpa a ardú. [46860/14]
Heather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, baineann an maolú faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh 1257/2010 leis an dualgas atá ann dlíthe an AE a dhéantar faoi nós imeachta na comhchinnteoireachta a aistriú go Gaeilge. Beidh cinneadh le tógáil faoi dheireadh na bliana 2015 ar a dhéanaí, maidir le síneadh a chur nó gan a chur ar feadh tréimhse bhreise leis an maolú sin.
Maidir le cúrsaí ateangaireachta i bParlaimint na hEorpa, tuigfidh an Teachta gur ceist í seo don Pharlaimint féin.
No comments