Written answers

Tuesday, 9 December 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Cruthú Fostaíochta

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

106. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an deimhin léi go bhfuil a dhóthain airgid ag Údarás na Gaeltachta chun poist a chruthú sa Ghaeltacht. [46861/14]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 4 ar 22 Deireadh Fómhair 2014 faoin ábhar seo. Sa fhreagra sin, thug mé le fios go mbeidh soláthar caipitil de €5.687m ar fáil d'Údarás na Gaeltachta ón Státchiste in 2015, faoi réir na Meastacháin Athbhreithnithe a bheith faofa. Ina theannta sin, beidh a chuid foinsí maoinithe féin ag an Údarás ó dhíol sócmhainní agus infheistíochtaí. Idir airgead an Státchiste agus acmhainní an Údaráis féin, tá mé sásta go mbeidh an tÚdarás ag leanúint orthu ag cruthú post nua sa Ghaeltacht agus ag cosaint na bpost atá ann faoi láthair.

É sin ráite, tuigim go maith go bhfuil togra straitéiseach ag Údarás na Gaeltachta lena bhuiséad caipitil a mhéadú thar thréimhse ama ón leibhéal reatha de €5.687m go €12m in aghaidh na bliana. Tuigim fosta go gcuirfeadh méadú mar sin ar chumas an Údaráis 300 post breise a chruthú in aghaidh na bliana. Is mian liom a dheimhniú arís go leanfaidh mé orm ag déanamh cás láidir chun tacú leis an éileamh sin sa tréimhse amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.