Written answers

Thursday, 4 December 2014

Department of Transport, Tourism and Sport

Comhartha Bothair

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

195. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport de thoradh Cheist Pharlaiminte Uimh. 1104 a bhí ann an 4 Samhain 2014, cá fhad a thógfaidh an t-athbhreithniú maidir le comharthaí bóithre; an bhfuil sé i gceist aige comhairle a lorg ón gCoiste Oireachtais cuí faoin gceist; an bhfuil scrúdú déanta aige ar an gcleachtas i dtíortha eile ag a bhfuil dhá theanga oifigiúla, an Bhreatain Bheag san áireamh; an bhféadfadh sé eolas a chur ar fáil maidir le haon staidéir phroifisiúnta a rinneadh ar an gceist sábháilteachta ar thagair sé di ina fhreagra, cén uair a rinneadh iad agus cé a rinne iad; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46607/14]

Photo of Paschal DonohoePaschal Donohoe (Dublin Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi láthair tá athbhreithniú ar siúl agam ar an moladh a rinne mo réamhtheachtaí – is é sin, roinnt bheag comharthaí bóthair a bheith ann san fhormáid a moladh i dtuarascáil a choimisiúnaigh Conradh na Gaeilge, agus na comharthaí sin a bheith in airde in áiteanna ardphróifíle ar fud na tíre, chun dearcadh an phobail ina leith a fháil. Sula bhfeidhmeoimid ar an moladh sin, ba mhaith liom a bheith deimhin de go mbeidh fiúntas ag baint le hathrú dá leithéid ar dhearadh an téacs, agus nach gcruthóidh sé níos mó contúirte ar na bóithre. Cuirfidh mé mo bharúil in iúl maidir le ceist na sábháilteachta in am trátha.

Tuigim go ndearna an Coiste Oireachtais atá freagrach as Cúrsaí Gaeltachta breithniú ar thuarascáil Chonradh na Gaeilge, agus go raibh plé eatarthu agus údar na tuarascála agus ionadaithe Chonradh na Gaeilge in 2009. Bhí an Coiste fabhrach i leith éirim ghinearálta na tuarascála agus cuirfidh mé é sin san áireamh i m'athbhreithniú.

An reachtaíocht ina sonraítear an dlí maidir le comharthaí bóthair tá sí le fáil in alt 95 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 (mar a leasaíodh). Tá na Rialacháin a thug an  tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta isteach in 2008, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, (Ionstraim Reachtúil Uimhir 391 de 2008) bainteach le hábhar sa chomhthéacs seo freisin. In Alt 3(3)(b) foráiltear nach mbeidh feidhm ag na Rialacháin sin i leith rialacháin a rinne an tAire, nó treoracha arna dtabhairt ag an Aire, faoi fho-ailt (2) agus (16) d'alt 95 d’Acht 1961. Cuireadh an díolúine seo san áireamh chun deimhin a dhéanamh de nach ndéanfaí ár gcomharthaí bóthair a dhearadh, mar thoradh ar réamhcoinníollacha iomarcacha, sa chaoi is go cuirfí isteach ar inléiteacht, ar sho-thuigtheacht ná ar shábháilteacht ár gcomharthaí bóthair.

I Lámhleabhar na Roinne seo maidir le Comharthaí Bóthair sonraítear na rialacha a bhaineann le dearadh comhartha bóthair. Is ionann an Lámhleabhar seo agus treoir ón Aire, faoi alt 95 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961. Ní ceadmhach comharthaí tráchta a chur in airde ar bhóithre poiblí nach bhfuil ag cloí leis na rialacha atá sonraithe sa Lámhleabhar maidir le Comharthaí Bóthair. Rinneadh athbhreithniú iomlán ar an lámhleabhar sular foilsíodh an leagan reatha go luath sa bhliain 2011.

An dearadh a úsáidtear do na comharthaí bóthair dátheangacha faoi láthair, tá sé i bhfeidhm ón mbliain 1996 i leith. Bunaíodh an cur chuige sin ar chóras deartha comharthaí a tháinig chun cinn thar na blianta, agus a bhí ag teacht le taighde a rinneadh ar bhonn idirnáisiúnta agus náisiúnta ar an ábhar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.