Written answers

Wednesday, 17 September 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Cumarsáid Aireachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1771. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén líon agallamh i nGaeilge atá déanta aici agus ag a hAirí Stáit, ó ceapadh iad i mí Iúil, leis na meáin seo a leanas: TG4, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió Fáilte (Béal Feirste), RTÉ Raidió 1, agus bealaí teilifíse RTÉ 1 agus 2; cé na dátaí ar a craoladh na hagallaimh; cén fad a lean gach agallamh agus cén t-ábhar a bhí ann; agus, i ngach cás, arbh agallamh beo nó agallamh réamhthaifeadta a bhí i gceist; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34493/14]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a thuigfidh an Teachta, bíonn agallaimh agam le meáin chraoltóireachta éagsúla ó am go ham i ndáil le raon ábhar. Déantar cuid de na hagallaimh seo a chraoladh beo agus bíonn gá leis go ndéantar roinnt díobh a thaifeadadh roimh ré, ar mhaithe leis an eagraíocht meán a éascú nó mar gheall ar mo chuid dualgais féin. Go dtí seo tá na hagallaimh sin tugtha agam i mBéarla. Bíonn agallaimh ag an Aire Stáit Joe McHugh agus ag an Aire Stáit Aodhán Ó Ríordáin leis na meáin freisin agus tuigim go dtugann siad i mBéarla nó i nGaeilge iad, ag brath ar an eagraíocht atá i gceist. Ó tharla go bhfuil gach agallamh leis na comhlachtaí go léir atá liostaithe ag an Teachta craolta cheana, tá na sonraí atá á n-iarraidh ag an Teachta ar fáil go poiblí agus, dá bharr sin, ní measaim gur fiú an costas a bheadh i gceist leis na sonraí atá de dhíth a aimsiú agus a chur i láthair. Tá na hagallaimh atá i gceist le fáil trí na comhlachtaí meán faoi seach agus tá cuid mhór acu le fáil ar líne. Má tá suim ag an Teachta in agallamh faoi leith, áfach, bheinn sásta tuilleadh sonraí a chur ar fáil dó ach teagmháil a dhéanamh liom i ndáil leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.