Written answers

Wednesday, 17 September 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Clár Forbartha Tuaithe

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1769. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén plé a bhí aici leis an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, i rith an dá mhí seo caite, maidir le seachadadh chlár LEADER sa Ghaeltacht agus ar na hoileáin; ar thóg sí an cheist leis an Aire maidir le clár LEADER a sheachadadh trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, agus maidir lena thábhachtaí atá sé LAG dá gcuid féin a bheith ag na hoileáin; cén freagra a fuair sí ón Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34491/14]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1770. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht ar mhol sí don Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil go bhféadfadh Údarás na Gaeltachta, go díreach nó trí fhochomhlacht a bhunú, cláir SICAP agus LEADER a chur ar fáil sa Ghaeltacht; más rud é gur mhol, cén freagra a fuair sí ón Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtas Áitiúil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34492/14]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 1769 agus Uimh. 1770 le chéile.

Mar is eol don Teachta, baineann na cláracha LEADER agus SICAP atá luaite aige leis an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. É sin ráite, is féidir liom a dheimhniú go bhfuil mo Roinn i dteagmháil rialta leis an Roinn sin maidir le seachadadh na gclár sin sa Ghaeltacht agus ar na hoileáin.

Comhairlítear dom go bhfuil an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil sásta breathnú ar Údarás na Gaeltachta mar chomhpháirtí an-tábhachtach ar Ghrúpaí Gníomhaíochta Áitiúla áirithe agus go ndéanfar breithniú ar an ról a d'fhéadfadh a bheith ag an Údarás i seachadadh gníomhaíochtaí LEADER i gceantair Ghaeltachta ar son na ngrúpaí sin. Tuigtear dom fosta go bhfuil an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ag moladh do na pobail Ghaeltachta agus oileán a chinntiú go dtéann siad i ngleic go hiomlán le próisis forbartha na Straitéise Forbartha Áitiúil dá limistéir féin, lena chinntiú go dtugtar aghaidh go hiomlán ar na hábhair is cúraim dóibh.

Dá bhrí sin, tá mé dóchasach go mbeifear ábalta teacht ar shocrú sásúil a chinnteoidh go mbeidh Údarás na Gaeltachta, go díreach nó go hindíreach, ag tacú le seachadadh na gclár LEADER agus SICAP sa Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.