Written answers
Wednesday, 16 October 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Cosaint Fostaíochta
Sandra McLellan (Cork East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
61. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht soiléiriú a dhéanamh maidir le todhchaí Arramara Teo. agus cad atá á dhéanamh aige chun slí bheatha na mbainteoirí feamainne a chaomhnú. [43785/13]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 23 ar an 18 Meán Fómhair 2013 ar an ábhar seo. Mar a dúradh sa fhreagra sin, tugadh cead d'Údarás na Gaeltachta ar 29 Iúil 2013 scaireanna an Údaráis in Arramara Teo. a dhíol leis an gcomhlacht Acadian Seaplants Ltd., faoi réir go mbeidh na coinníollacha uile a bhaineann leis an díolachán comhlíonta go sásúil.
Tuigtear dom go bhfuil an tÚdarás ag dul ar aghaidh leis an díolachán a chur i bhfeidhm. Tuigtear dom fosta go raibh, go bhfuil, agus go mbeidh, todhchaí agus leas na mbainteoirí feamainne ag croílár an phróisis díolacháin sin atá idir lámha ag an Údarás.
No comments