Written answers

Tuesday, 15 October 2013

Department of Agriculture, Food and the Marine

Scéim na hÍocaíochta Aonair

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

353. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén fáth nach bhfuil íocaíocht faoin Scéim Íocaíochta Aonair 2011, 2012 nó 2013 déanta le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha) cé go bhfuil iarratais déanta aige do na blianta atá i gceist; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43448/13]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fuarthas iarratas an 22ú Bealtaine 2012 ón duine ainmnithe ag iarraidh go n-aistreofaí teidlíochtaí na hÍocaíochta Aonair Feirme 15.73 óna dheartháir nach maireann isteach ina ainm féin.

De bharr gur trí oidhreacht a ndéanfaí an t-aistriú a iarradh, b'éigean an gnáth doiciméadacht tiomnach a iarraidh chun tacú leis an aistriú. Chomh maith leis sin, ní fhéadfaí an uimhir thréada a aistriú chuig an duine ainmnithe óna dheartháir nach maireann go dtí gur deonaíodh Probháid i mí Bealtaine 2013.

De bharr gur aistríodh an uimhir thréada chuig an duine ainmnithe i ndiaidh an t-iarratas ar an Scéim Íocaíochta Aonair 2011 a bheith curtha isteach, is gá freisin iarraidh ar Sheiceadóirí Uacht an té nach maireann comhaontú go nglacfaidh siad orthu gach freagracht a bhaineann leis an Scéim Íocaíochta Aonair. Bhí oifigeach as mo Roinnse i dteagmháil leis an duine ainmnithe ag iarraidh gur dtabharfar comhaontú den sórt sin i gcrích. Chomh luath agus a bheidh an doiciméad deiridh seo faighte, eiseofar an íocaíocht do na blianta ábhartha gan mhoill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.