Written answers
Tuesday, 15 October 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Bord Údarás na Gaeltachta
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
182. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil céim i bpleanáil teanga ag aon duine de na comhaltaí a cheap sé ar bhord Údarás na Gaeltachta. [43541/13]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní miste dom a mhíniú nach raibh an cháilíocht atá luaite ag an Teachta ar cheann de na riachtanais a bhí sonraithe san fhógra poiblí a rinne an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar son mo Roinne i mí Iúil 2012, inar lorgaíodh léirithe spéise ó dhaoine a raibh suim acu i gceapacháin chuig bord Údarás na Gaeltachta. Dá bhrí sin, ní raibh aon ghá d'iarratasóirí an t-eolas sin a chur ar fáil.
Mar chuid den phróiseas roghnaithe, tugadh cuireadh do dhaoine sonraí a thabhairt maidir lena gcuid fostaíochta agus a gcuid cáilíochtaí acadúla chomh maith le léargas a thabhairt maidir lena gcumas in inniúlachtaí ar leith, lena n-airítear:
- cur chun cinn na Gaeilge agus pleanáil teanga;
- forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta;
- forbairt pobail; agus
- cur chun cinn na n-ealaíon.
Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil réimse leathan taithí, scileanna agus cáilíochtaí ag na comhaltaí atá ceaptha ar an mbord, lena n-áirítear an phleanáil teanga, cé nach féidir liom a dheimhniú go bhfuil céim sa phleanáil teanga i gceist in aon chás i gcomhthéacs an méid atá ráite agam.
No comments