Written answers
Tuesday, 15 October 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Acht na dTeangacha Oifigiúla
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
180. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cathain a chuirfear Cláir na dToghthóirí faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla ionas go mbeidh seoltaí as Gaeilge agus as Béarla air. [43475/13]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ba mhaith liom aird an Theachta a dhíriú ar cheist ghaolmhar (Ceist Dála Uimhir 87) a d'fhreagair mé ar an 14 Meitheamh 2012. Is ceist don Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil é seo sa chéad áit.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
181. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé cinnte de go bhfuil chuile Roinn Rialtais agus comhlacht Stáit ag cloí le forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 maidir lena teideal a bheith scríofa i nGaeilge os cionn an leagain Béarla, agus ar cóimhéid leis, ar aon chomhartha agus ar aon bhileog pháipéir, agus mura bhfuil, cé na bearta atá sé ag glacadh chun iallach a chur orthu a ndualgas faoin dlí a chomhlíonadh. [43540/13]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is gnó é do chomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chinntiú go gcomhlíontar na dualgais atá orthu faoin Acht agus faoi na Rialacháin a dhéantar faoin Acht. Faoi alt 21 den Acht, is ar Oifig an Choimisinéara Teanga atá an cúram maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta ag comhlachtaí poiblí.
No comments