Written answers
Wednesday, 18 September 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Cosaint Fostaíochta
Pádraig Mac Lochlainn (Donegal North East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
23. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sé soiléiriú ar thodhchaí Arramara Teo; agus cad atá á dhéanamh aige chun slí bheatha na mbainteoirí feamainne a chaomhnú. [38495/13]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 36339 ar an 18 Iúil 2013 inar thug mé le fios go raibh próiseas ar bun ag Údarás na Gaeltachta le tamall anuas chun féachaint ar na roghanna inmharthana agus forbartha is fearr chun todhchaí an chomhlachta Arramara Teo. a dhaingniú. Chuige sin, cuireadh próiseas ar bun chun páirtnéir a aimsiú a bheadh in ann an comhlacht a fhorbairt agus tugadh deis don chomhlacht féin cás gnó a dhéanamh fosta.
Ag cruinniú de bhord Údarás na Gaeltachta ar 1 Márta 2013, tógadh cinneadh scaireanna an Údaráis in Arramara Teo. a dhíol leis an gcomhlacht Acadian Seaplants Ltd., faoi réir mo chead agus cead an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a bheith faighte agus coinníollacha dlí ina leith a bheith socraithe. Tar éis d’oifigigh mo Roinne an cás a mheas, tugadh an cead sin don Údarás ar 29 Iúil 2013, faoi réir go mbeidh na coinníollacha uile a bhaineann leis an díolachán comhlíonta go sásúil. Tuigim ón Údarás go bhfuil siad ag feidhmiú leis an díolachán a chur i bhfeidhm faoi láthair.
Tuigtear dom fosta go raibh, go bhfuil agus go mbeidh todhchaí agus leas na mbainteoirí feamainne ag croílár an phróisis díolacháin atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta.
No comments