Written answers
Wednesday, 18 September 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
An Tóstal 2013
John Browne (Wexford, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
22. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an mbeidh níos mó post ar fáil sa Ghaeltacht in 2013 de bharr na dturasoirí a bhaineann le Tóstal Éireann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [38455/13]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
D'írím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 36355 ar 18 Iúil 2013 inar thug mé le fios gur thuig mé ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil tionscal na turasóireachta agus an Tóstal 2013 thar a bheith tábhachtach do gheilleagar na Gaeltachta maidir le fostaíocht agus ioncam a chruthú do phobal na Gaeltachta ar an mórthír agus ar na hoileáin Ghaeltachta. Go ginearálta, meastar go dtacaíonn gach milliún de chaiteachas turasóireachta le 13 post.
Ón aiseolas atá faighte ag an Údarás go dáta, tuigtear dom go bhfuil an Tóstal 2013 ag tacú le hinbhuanaitheacht na hearnála turasóireachta agus ag cur leis an eispéireas atá ar fáil do thurasóirí sa Ghaeltacht. Tuigfidh an Teachta go mbeidh sé deacair tionchar an Tóstail a thomhais ó thaobh na fostaíochta de go dtí go mbeidh na himeachtaí uile thart agus na staitisticí ábhartha foilsithe.
No comments