Written answers

Thursday, 18 July 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

382. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sé fiosrú mar gheall ar straitéis uile-Éireann don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36356/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 i mí na Nollag 2010 tar éis don Straitéis tacaíocht traspháirtí a fháil i dTithe an Oireachtais. Sonraítear sa straitéis sin go leanfaidh Foras na Gaeilge ag seachadadh a chuid freagrachtaí reachtúla maidir leis an nGaeilge ar bhonn uile-oileáin agus go bhfanfaidh Foras na Gaeilge mar phríomhghné den struchtúr tacaíochta don teanga sa dá chuid den oileán. Dá réir sin, tá Foras na Gaeilge ag díriú ar na gnéithe ábhartha den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a bhaineann leo a chur i bhfeidhm sa dlínse seo. Glacaim leis go mbeidh an scéal amhlaidh i dtaca leis an dréacht Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh, a foilsíodh anuraidh, nuair a bheidh sí faofa sa dlínse sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.